Author: | Mícheál Ó Ruairc | ISBN: | 1230000103702 |
Publisher: | Coiscéim | Publication: | February 1, 2013 |
Imprint: | Language: | Scottish Gaelic |
Author: | Mícheál Ó Ruairc |
ISBN: | 1230000103702 |
Publisher: | Coiscéim |
Publication: | February 1, 2013 |
Imprint: | |
Language: | Scottish Gaelic |
An mhaidin áirithe seo léann Deirdre na fógraí bháis san Independent. Baintear stangah aisti nuair a fheiceann sí go bhfuil iarleannán dá cuid básaithe i gCorcaigh. Déannan sí cinneadh freastal ar a shocraid.
Ríomhann an t-úrscéal seo scéal tragóiddeach Dheirdre agus Ronáin 'péire leannán réaltchrosáilte' má bhí péire ann riamh. Tógann Deirdre an traein go Corcaigh agus í ar oilithreacht anama agus coinsiasa. Agus í ag taisteal ar an traein tagann na cuimhní thar n-ais chuici ina slaodanna docheansaithe.
Bhainfeadh an scéal tragóideach atá faoi chaibdil sa leabhar seo doir as cloch. Ta an phortráid de Dheirdre, bean mheánaosta atá tagtha go dtí crosaire ina saol príobháideach, thar a bheith cruinn agus corraitheach. Fulaingíonn sí an t-uafás de bharr an ghrá éagmaise ach tuigtear di go bhfuil a slánú le haimsiú aici an freisin.
Chuirfeadh an t-úrscéal spleodrach seo na scannáin Gone with the Wind agus Love Story i gcuimhne duit agus na húrscéalta Wuthering Heights agus The Bridges of MAdison Country. Déantar cathair Chorcaí sna Seachtóidí a hathchruthú dúinn go fírinneach, údarásach. Is mionchlasaiceach é an t-úrscéal rómánsúil seo agus táthar cinnte de go n-aithneaofar é mar cheann de na húrscéalta gra is fearr sa teanga amach anseo.
Is file, gearrscéalaí, úrscéalaí agus scríbhneoir do pháistí é Mícheál Ó Ruairc. Rugadh i gCiarraí ach tá sé ag cur faoi san Archathair le fada an lá. Scríbhneoir íldánach é agus bíonn sé ar thóir an dúshláin nua de shíor. Tá slám duaiseanna Oireachtas bainte aige le blianta anuas. Faoi láthair tá úrscéal do mhic léinn ollscoile, úrscéal grinn, cnuasach folíochta agus bailiúchán de ghearrscéalta ar na bacáin aige. Ní imreoir gailf é!